
Chomóir Coláiste Mhuire gan Smál (CMgS) tabhairt chun críche a mhodúl Gaeilge agus Teicneolaíochta le déanaí, ar tionscnamh Aoisbhách é a cuireadh ar fáil tríd an Oifig Fiontraíochta & Rannpháirtíochta Pobail agus a fuair tacaíocht trí Chiste Dámhachtainí Tionscadail Comhionannais, Éagsúlachta, Ionchuimsithe & Idirchultúrachais (EDII). Thug an clár mic léinn agus baill níos sine den phobal le chéile d’eispéireas foghlama uathúil, praiticiúil, an chéad cheann dá leithéid.
Faoi stiúir an Dr Síle Ní Choincheannain, Léachtóir san Oideachas le saineolas sa Ghaeilge, rinneadh foghlaim bhunúsach na Gaeilge a chomhcheangal le scileanna praiticiúla digiteacha le linn an chláir, rud a thug tacaíocht do rannpháirtithe muinín a chothú trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht a úsáidtear gach lá i dtimpeallacht shuaimhneach shóisialta. Tugadh an modúl chun críche Dé Luain, an 23 Márta.
I dtrí cheardlann idirghníomhacha, rinne na rannpháirtithe plé ar réimse ábhar lena n-áirítear feidhmeanna teileafóin i nGaeilge, ceangal a dhéanamh le Wi-Fi, cóid QR a scanadh, ríomhphoist agus teachtaireachtaí a sheoladh, agus siopadóireacht shábháilte ar líne. Cuimsíodh tráth na gceist, cleachtaí grúpa agus plé sna seisiúin freisin, in éineacht le comhrá neamhfhoirmiúil agus iad ag ól braon tae nó caife, rud a chuidigh le hatmaisféar fáilteach taitneamhach a chruthú do gach duine a bhí páirteach ann.
Príomhghné den tionscnamh ba ea an chur chuige idirghlúine, agus mic léinn CMgS ag éascú na gceardlann mar chuid dá bhfoghlaim féin. D'oibrigh na rannpháirtithe agus na mic léinn le chéile le linn an chláir, iad ag neartú naisc láidre agus a gcuid muiníne.
Is éard a dúirt an Dr Ní Choincheannain agus í ag labhairt di faoin tionscnamh:
“Tháinig an smaoineamh don tionscadal seo as an spéis atá i gcomhrá trí Ghaeilge, agus as na dúshláin a bhíonn ag go leor daoine agus iad ag úsáid na teicneolaíochta sa saol gach lá. Ag obair lenár gcuid mac léinn, leagamar amach ceardlanna chun cabhrú le daoine os cionn 65 bliain d'aois a bheith níos muiníní ag úsáid a nguthán le haghaidh tascanna praiticiúla. Chruthaigh an fhoghlaim idirghlúine, an ghné shóisialta agus an deis mórán nó beagán Gaeilge a úsáid eispéireas an-dearfach do gach duine a bhí páirteach ann.”
Is éard a dúirt Patricia O’Sullivan, Bainisteoir E&CE:
“Cuimsíonn an tionscnamh seo an méid atá i gceist le cur chuige Aoisbhách i gColáiste Mhuire gan Smál – spásanna cuimsitheacha fáilteacha a chruthú inar féidir le daoine foghlaim, inar féidir leo nasc agus muinín a chothú ar a luas féin. B’iontach an rud é na caidrimh idir na mic léinn agus na rannpháirtithe a fheiceáil, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag foghlaim chomhroinnte den chineál sin.’
Bhí na tréithe foghlama agus sóisialta sa chlár le feiceáil san aiseolas ar fad. Bhí seo le rá ag Paddy Hyland:
“Bhain mé an-taitneamh as na seisiúin, go háirithe ag foghlaim faoin IS (AI). Bhí an mac léinn Éadaoin an-chineálta. Mhínigh sí gach rud dom go deas mall agus tuiscineach. Bhí na tráth na gceist agus na cleachtaí grúpa go hálainn agus siamsúil, bhí gach uile dhuine ar chomhscór. Tréaslaím go mór leis an bhfoireann teagaisc. Bhí an t-ullmhúchán agus an cur i láthair gan locht. Molaim sibh ar fad.”
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí agus tionscnamh Aoisbhách CMgS seol ríomhphost chuig Age.Friendly@mic.ul.ie

91Ƭ unique Age-Friendly initiative blends Gaeilge and Technology in innovative community programme
91Ƭ (91Ƭ) recently marked the conclusion of its Gaeilge agus Teicneolaíocht module, an Age-Friendly initiative delivered through the Enterprise & Community Engagement Office and supported through the Equality, Diversity, Inclusion & Interculturalism (EDII) Project Awards Fund. The programme brought together students and older members of the community in a unique, hands-on learning experience, the first of its kind.
Led by Dr Síle Ní Choincheannain, Lecturer in Education with expertise in Irish, the programme combined basic Irish language learning with practical digital skills, supporting participants to build confidence using everyday technology in a relaxed and social environment. The module concluded on Monday, 23 March.
Across three interactive workshops, participants explored a range of topics including phone functions as Gaeilge, connecting to Wi-Fi, scanning QR codes, sending emails and messages, and safe online shopping. Sessions also incorporated quizzes, group exercises, and discussions, alongside informal conversation over tea and coffee, helping to create a welcoming and enjoyable atmosphere for all involved.
A key feature of the initiative was its intergenerational approach, with 91Ƭ students facilitating the workshops as part of their own learning. Participants and students worked together throughout the programme, building strong connections and confidence.
Reflecting on the initiative, Dr Ní Choincheannain said:
“The idea for this project emerged from a growing interest in Irish language conversation and the challenges many people face using technology in everyday life. Working with our students, we designed workshops to help people over 65 become more confident using their phones for practical tasks. The intergenerational learning, the social aspect and the opportunity to use mórán or beagán Gaeilge created a really positive experience for everyone involved.”
Patricia O’Sullivan, E&CE Manager, said:
“This initiative really captures what our Age-Friendly approach at 91Ƭ is all about – creating inclusive, welcoming spaces where people can learn, connect and build confidence at their own pace. It’s been fantastic to see the relationships develop between students and participants, and the impact that kind of shared learning can have.”
Feedback from participants highlighted both the learning and social aspects of the programme. Paddy Hyland shared:
“Bhain mé an-taitneamh as na seisiúin ag foghlaim faoi AI. Bhí an macléinn Éadaoin an-chineálta. Mhínigh sí gach rud dom go deas mall agus tuiscinneach. The quizzes and group exercises were lovely and entertaining, with no winners or losers. Traéaslaím go mór leis an bhfoireann teagaisc. Preparation and presentation were gan locht. Molaim sibh ar fad.”
For more information on 91Ƭ’s Age-Friendly events and initiatives, email Age.Friendly@mic.ul.ie
